Na tiarnaí talún, Connellys, a bhí acu. Bhí siad iontach maith do na tionántaí agus i rith am an ghorta, chuir siad moll airgid isteach i gciste do na daoine, ní dheachaigh mórán acu ocrach. Níor díshealbhaíodh duine ar bith ariamh. Cur síos ar an chíos a bhíodh le díol.
00:04:36
Tiarnaí talún, Musgrave, níos fearr arís ná Connelly.Thóg siad teach ósta don áit, thug siad isteach caoraí agus eallach.Bhí duine acu ina dhochtúir. Bhí siad ina gcuidiú mór nuair a cruthaíodhBord na gCeantúr Cúng. Cheannaigh siad moll báid, tugadh cead do na daoine iad a choinneáil agus tríú den airgead a rinne siad a thabhairt ar ais don chomhlacht. Ansin i ndiaidh cúig bliana tugadh cead don fhoireann an bád a dhíol agus ceann eile a fháil.